Текстов песен в базе: 1 278 222
Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte

Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte

Aoife Ní Fhearraigh

Текст песни

A phlúr na maighdean is úire gné
Fuair clú le scéimh ón Ádhamhchlainn
A chúil na bpéarla, a rún na héigse
A dhúblaíos féile is fáilte
A ghnúis mar ghréin le tús gach lae ghil
A mhúchas léan le gáire
'Sé an trua gan mé is tú, a shiúir, linn féin
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte
Táim brúite i bpéin gan suan gan néall
De do chumha, a ghéag is áille
Is gur tó mo rogha i gCúigibh Éireann
Cúis nach séanam áthas de
Dá siúlfá, a réalta gan smúid, liom féin
Ba shúgach saor ár sláinte
Gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte
A shuairc-bhean tséimh na gcuachfholt péarlach
Gluais liom fhéin ar ball beag
Nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí i néal
Ina suan faoi éadai bána
Ó thuaidh go mbeam i bhfad uatha araon
Teacht nuachruth gréine amárach
Gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
San dún sin Chéin Mhic Cáinte
Поделиться ссылкой:
Короткая ссылка: https://tekstpesni.ru/s/454J

Тексты других песен исполнителя

© 2017–2025 Тексты песен
Все тексты песен на сайте размещены пользователями, редакцией или собраны из открытых источников.
При копировании материалов ссылка на сайт обязательна.
Связаться
Уважаемые обладатели прав на музыку! На сайте не выкладывается музыка, ее нельзя скачать, послушать и тому подобное.