Текстов песен в базе: 1 278 222
Cailín Na Gruaige Báine

Cailín Na Gruaige Báine

Aoife Ní Fhearraigh

Текст песни

Is uaigneach mo shaol
Go gruama faraoir
'Mo thruaill bhocht gan siamsa 'tá mé
'S is brónach a bhím
Gan suaimhneas na hoích'
Go buartha lag cloíte cráite
'Sí 'n stuabhean gheal
Chaoin a rinne gual de mo chroí
'S níl suairceas a choíce i ndán domh
Ó luadh liom mar mhnaoi
Go luath 'dtús mo shaoil
Mo chailín na gruaige báine
'S í bláth bán na gcraobh í
Thug barr ar gach scéimh
Le háilleacht le méid 's le breáchta
'Sí d’fhág mé faoi léan
'Sí chráigh mé gan bhréig
'Gus tá 'fhios ag Mac Dé mo chás-sa
Dá bhfhaighinnse mo rogha
Ó b’ansa liom é
Bheith ar láimh leis a' speirbhean álainn
'S ní náire ar bith liom é
'S í grá geal mo chléibh
Mo chailín na gruaige báine
Dá dtigeadh sí aris
Ar cuairt chun mo thí
Nach mise bheadh aoibhiúil sásta
'S níl áit ar bith dár mhian léi
Nach mbainfinnse fúm
Ach cead 'fháil mo shaol a chaitheamh léi
Nach trua mise 'smaointiú
Go domhain in mo chroí
Nach bhfeicim arís go brách í
Taím buartha bocht faoi chian
Is ní mhairfead beo bliain
Gan cailín na gruaige báine
Поделиться ссылкой:
Короткая ссылка: https://tekstpesni.ru/s/8UN

Тексты других песен исполнителя

© 2017–2025 Тексты песен
Все тексты песен на сайте размещены пользователями, редакцией или собраны из открытых источников.
При копировании материалов ссылка на сайт обязательна.
Связаться
Уважаемые обладатели прав на музыку! На сайте не выкладывается музыка, ее нельзя скачать, послушать и тому подобное.