Tá mé mo shuí ó d`éirigh`n ghealach aréir
Ag cur tein-e síos-go buan is á fadó go géar
Tá bunadh a` tí `na luí is tá mise liom féin
Tá na coiligh ag glaoch `san saol `na gcodladh ach mé
`Sheacht mh`anam déag do bhéal do mhala is do ghrua
Do shúil ghorm ghlé-gheal fár thréig mé sionnach na lúb
Le cumha do dhiaidh ní léir dom an bealach a shiúil
Is a charaid mo chléibh tá na sléibhte `dul idir mé`s tú
Deiridh lucht léinn gur claoite an galar an grá
Char admhaigh mé é is é `ndiaidh mo chroí istigh a chrá
Aicid ró-ghéar, faraor nár sheachain mé í
Is go gcuireann sí arraing is céad go géar trí cheart-lár mo chroí
Casadh bean-tsí dom thíos ag Lios Bhéal an átha
D`fhiafraigh mé di an scaoilfeadh glas ar bith grá
Is é dúirt sí gos íseal i mbriathra soineannta sáimh
'An grá a théid fán chroí ní scaoiltear as é go bráth'
I am sitting up since the moon arose last night
Putting down a fire again and again and keeping it lit
The family is in bed and here am I by myself
The cocks are crowing and the country is asleep but me
I love your mouth, your eyebrows and your cheeks
Your bright blue eyes for whose sake I stopped hunting the wily fox
In longing for you I cannot see to walk the road
Friend of my bosom, the mountains lie between me and you
Learned men say that love is a fatal sickness
I never admitted it until now that my heart is broken:
It’s a very painful illness, alas, I have not avoided it
And it sends a hundred arrows through the core of my heart
I met a fairy woman at the Rath of Beal an Atha
I asked her would any key unlock the love in my heart
And she said in soft simple language
'When love enters the heart it will never be driven from it'