Текстов песен в базе: 1 278 222
Mna Na H-Eireann

Mna Na H-Eireann

Nolwenn Leroy

Текст песни

Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól
Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil
Ná seinm théad; atá bean in éirinn is níorbh fhearr léi beo
Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód
Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg
Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo;
Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin
Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór
Is tá bean 'na léine is fearr a méin ná táinte bó
Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól
Поделиться ссылкой:
Короткая ссылка: https://tekstpesni.ru/s/2Cg9

Тексты других песен исполнителя

© 2017–2025 Тексты песен
Все тексты песен на сайте размещены пользователями, редакцией или собраны из открытых источников.
При копировании материалов ссылка на сайт обязательна.
Связаться
Уважаемые обладатели прав на музыку! На сайте не выкладывается музыка, ее нельзя скачать, послушать и тому подобное.