Текстов песен в базе: 1 278 222
Bheadh Buachaillin Deas Ag Sile

Bheadh Buachaillin Deas Ag Sile

Solas

Текст песни

Bheadh buachaillín deas ag Síle
Dá bpósadh sí mé mar fhear
Mharóinn an breac ar an taoide
Is coinín ar an ndumhaigh chomh maith
Ní iarfainn leí capall ná caoire
Airgead buí ná geal
Mar go mb’fhearr liomsa agam mar mhnaoí í
Ná aon inion rí dar mhair
Tá máithair gan taise ag Síle
Is ní bhraitheann sí a croí rómhaith
Tá sparán mór fada aici líonta
Ag lorg talamh gan cíos le fear
Chuma léi ard é nó íseal
Ba chuma léi búi nó geal
O ba chuma léi cam é nó díreach
Ach bheith aige caoire is ba
Ní mar sin mar mheasann mo Shíle
B’fhearr léi mise na míle fear
Mar is meidhreach sea sheinnfinn ar phíob di
'S is greannta do rincfinn dreas
Chuirfinnse i dtalamh na síolta
Is bhainfinn arís thar n-ais
'S nuair a thiocfainnse abhaile ní bhruíonfainn
Ach ag reacaireacht grinn lem' shearc
Tá mo mhargadh socair le Síle
Is ní bhrisfeadh Éire ar fad
Gan spleáchas dá máthair ná muintir
Rachaidh sí chun cinn gan stad
Pósfainn sa chathair an mhí seo
'S an sagart á dhíol go maith
Is ní dóichí go bhfanam sa tír seo
Ach ag reachtaireacht síos amach
Поделиться ссылкой:
Короткая ссылка: https://tekstpesni.ru/s/3P3G

Тексты других песен исполнителя

© 2017–2025 Тексты песен
Все тексты песен на сайте размещены пользователями, редакцией или собраны из открытых источников.
При копировании материалов ссылка на сайт обязательна.
Связаться
Уважаемые обладатели прав на музыку! На сайте не выкладывается музыка, ее нельзя скачать, послушать и тому подобное.